The lyrics from the Angelfire link above (I had to add a missing line to verses three and four, and have added another verse at the end) A man courts a woman, but she goes home still a maiden. GEAFTAÍ BHAILE BUÍ Ag geaftaí Bhaile Buí a rinne mise an gníomh a bhí amaideach baoth-déanta. Éalú le mnaoi seal tamaill ins an oíche ar neamhchead a raibh faoi na spéarthaí. Bhí mé lag gan bhrí, gan mhisneach in mo chroí is í agam ar mhín-shléibhe; Bhí an codladh dhá mo chloí agus b'éigin domsa luí agus d'imigh sí ina fíormhaighdean. 'Gabhail a luí don ghréin faoin am seo aréir, Ó,nach agamsa bhí an scéal buartha. Ba é a shamhailt domsa an té a shínfí ins an chré Ó, is a Mhuire nach mé an trua. Is é déarfadh mo chairde, an méid acu a bhí i láthair: "Altaigh leis na mná, a bhuachaill." Is an méid a ngoilfeadh orthu mo chás, goilfead siad a sá fá mo chroí a bheith in mo lár ina ghual dubh. Dá mbeinnse thall sa Spáinn i mo luí ar leaba an bháis agus cluinimse do dháil in Éirinn, D’éireochainn go sáimh leis an bhradán ar an tsnámh I nduibheagán i lár na hÉirne, Focal ar bith mná ní chreidfidh mé go bráth Mura bhfaighidh mise scríofa i mBéarla é. Gur chaith mé naoi lá ag cleasaíocht leis an bhás ag dúil go bhfaidhinn spás ar éigin. Is agamsa atá an mháistreás is measa i gcríocha Fáil cé gur soineanta clár a héadain. Chuirfeadh sí mo chás i bhfad agus i ngearr agus b'fhurasta ár gcás a réiteach. An madadh rua bheith sách, an chaora dhubh ar fáil Is ní chluinfi mé go brách ag eileamh, Agus m'fhocal duit, s Sheáin, go bhfuil ealaíon ins na mná agus codail féin go sámh ina n-éagmais. A Mhuire agus a Rí, nach mairg a bíos I dtoiseach an tsaoil le pléisiúr, ’S a ghiorracht agus a bíos an tinneas do do chloí, ’S do do tharraingt ar na críocha déanach’, Níl sé ar an domhan ní ar bith och ó, Is peacaí agus is mó dá ndéantar Ná an mhaighdean dheas óg a mhealladh le do phóig Agus a fágáil faoi bhrón ’na dhiaidh sin. see also https://www.learnceol.com/collection/geafta%C3%AD.html
|