Is cosúil gur mheath tú Nó gur thréig tú an greann Tá an sneachta go freasach Fá bhéal na mbeann'/na n-áthann /trá Do chúl buí daite Is do bhéilín sámh Siúd chugaibh Mary Chinidh 'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh A mháithrín mhilis Duirt Máire Bhán Fá bhruach an chladaigh 'S fá bhéal na trá Maighdean mhara, mo mhaithrín ard Siúd chugaibh Mary Chinidh 'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh Tá mise tuirseach Agus beidh go lá Mo Mháire bhroinngheal/bhruinneall 'S mo Phádraig bán Ar bharr na dtonna 'S fá bhéal na trá Siúd chugaibh Mary Chinidh 'S í 'ndiaidh an Éirne 'shnámh Tá an oíche seo dorcha is tá an ghaoth i ndrochaird Tá an tSeisreach 'na seasamh 's na spearthaí go hard ách ar bharr na dtonnaí is fá bheal na trá Siúd chugaibh Mary Chinidh is í i ndiaidh an Éirne a shnámh
|