Philippa, Is trua liom go bhfuil an Bráthair Beausang ar shlí na fírinne, cara mór liom agus Gael go héag. D'inis sé dom gur chuala sé an t-amhrán seo uair amháin, ráite ag seanbhean as Oileán Reachrainn (ní cuimhin liom ainm ná áit) Níor ghlac sé leis riamh gur Gháidhlig na hAlban a bhí ann ach gur eascraigh Gaidhlig na hAlban ó Chúige Uladh. Tá a fhios agam nach gcuidíonn sé seo leat ach bhí orm rud inteacht a rá faoi mo sheanchara, Beausang! Dála an scéil: Ní bhím ar an tsuíomh seo go minic agus freagraím scéalta as Gaeilge
|