a song lamenting that Cóilín is destined for emigration
CÓILÍN PHÁDRAIG SHÉAMAIS Pádraig Ó hAoláin
Ó saolaíodh thú is mairg a rá, Go raibh an long anonn i ndán duit – Bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá, I measc na n-imirceánach. Ní maireachtáil ag baile dhuit, Ní thusa féin is cáinte Ach an dream a d'fhág tú thiar díomhaoin, Ag stracadh leis an nganntan.
Curfá [chorus] Tá long ag dul anonn inniu, A Chóilín Phádraig Shéamais, Agus imigh leat thar sáile anon, Mar a bhfaighidh tú luach do shaothair. Ag sclábhaíocht is ag sluasteáil cré, Ó éirí go luí na gréine, A bheas tú thall i dtír na nGall, A Chóilín Phádraig Shéamais.
Is iomaí lá breá gréine, A chaith tú ar bheagán buartha, Ag fiach i measc na gcnocán glas, Nó ag iascaireacht sna cuanta. Ba ghaiscíoch ins an gcurach thú, Is tú ' sharódh an gala, Is ba bhinne leat ná ceol na bpíob, Gíoscán na maidí ramha.
Ní fheicfidh tú arís go deo Do chairde ná do ghaolta, Is ní scarfaidh tú aríst go brách An mhóin ar thaobh an tsléibhe. Fag slán ag cladach is ag sliabh; Fag slán ag Conamara, Mar ní fhillfidh tú go deo na deor Ar do thír nó ar do bhaile.