The Mudcat Café TM
Thread #13212   Message #107605
Posted By: Big Mick
22-Aug-99 - 11:47 PM
Thread Name: Origins: Anach Cuain / Anach Cuan
Subject: Lyr Add: ANACH CUAN
Here ya go, lad. Enjoy.

Big Mick

ANACH CUAN

Má fhaighimse sláinte is fad-a bheas trácht ar
an mhéid a báthadh as Anach Cuan.
Mo thrua amárach gach athair is máthair
Bean is páiste atá ag sileadh súl.
A Ri na ngrástaa, a cheap neamh is Párthas,
nár bheag an tábhacht dúinn beirt ná triúr?
Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach
is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúil.

Már mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine
a bhfiescint sínte ar chúl a gcinn?
Screadach is caoineadh a scanródh daoine,
gruaig á cíoradh is an chreach á roinn.
Bhí buachaillí óga ann, tíocht an fhómhair,
á síneadh ar chróchar is á dtabhairt go cill.
Is gurbh é gléas a bpósta a bhí á dtórramh
is, a Dhia na glóire, nár mhór an feall?

Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe
ar an áit ar éagadar is milleán crua,
mar is iomaí créatúr a d'fhág sé ag géarghol,
ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain.
Ní díobháil eolais a chuir dá treoir iad
ach mí-adh mór a bhi sa gCaisleán Nua.
Is é críochnú an amhráin gur báthadh mórán
is d'fhág ábhar dóláis ag Anach Cuan.

HTML line breaks added. --JoeClone, 6-Jul-02.