The Mudcat Café TM
Thread #13247   Message #108443
Posted By: Philippa
25-Aug-99 - 02:42 PM
Thread Name: Lyr Req: Rath Cairn Glas na Mi
Subject: Lyr Add: Amhrán Ráth Cairn (Ciarán Ó Fathartha)
Amhrán Ráth Cairn (Ciarán Ó Fathartha)

Nach iomaí píosa a d'fhê adfainn ' scríobh,
Dá mbê inn ábalta ar pheann,
Faoi na smaointe a d'fhág m'intinn,
Is an chuid atá fós ann, Tá an leathchê ad bliain seo curtha a'm dhiom
Faoi mhisneach, brón is brí
Ó thug mê an ruaig bliain 'tríocha cúig,
Go Ráth Cairn Glas na Mí.

Ó maidin Aoine a chaoin na daoine,
Ag fágáil againn slán,
Níorbh ê ár nádúr an áit a fhágáil,
Is an gabháltas ' bhí a' ainn[againn] ann,
Sê De Valera a d'athraigh an scê al,
Mar is fear ê a bhí thar cionn
Mar cheap sê Éire a dhêanamh Gaelach,
Is an Ghaeilge a chur chun cinn.

O fágadh an baile is chuaigh go Gaillimh,
Is ghlan soir Orán Mór,
Bhí mná le páistí ina mbaclainn fáiscthe,
Ag triall ar Thír na nÓg,
Fuair muid treoir sa mbaile mór,
Le titim drúcht na hoích',
Is bhí ceann scríbe curtha a'ainn dhínn
Ráth Cairn Glas na Mí.

Nach muid a bhí náireach lá arna mhárach,
Ag siúlóid thart faoin tír,
A chur faoi ndeara le Conamara,
Is an áit a mbíodh an spraoi,
Ach chuir mo shúile deoir le dúil,
Is ghlas mê misneach is brí,
Chuir mê dhíom an cumha i mo bhaile nua,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

Ó d'imigh lá agus seachtain bhreá,
Is nárbh fhada ann sê mhí
Tógadh talamh ar phócaí folmha,
Is cuireadh rudaí i gcaoi,
Ó thug gach ê inne cabhair dá chêile,
Is mhaolaigh sin ár gcás,
Bhí De Valera ceart an cê ad uair,
Bhí prê amh na Gaeilge ag fás.
Bhí a'ainn fuíoll nuair ' d'fheabhsaigh an saol,
Is bhí an baile ag fáil níos fearr,
Bhí treabhaire is eallach ag gach teaghlach,
Is talamh a bhí thar Barr,
Bhí chuile shórt den ghreann is den spórt,
Le fáil a'ainn chuile lá,
Is le cabhair ár bpócaí tá scoil tógtha
Is áras pobail breá.

O tá go leor le dê anamh fós,
Ach tógfaidh sê roinnt am',
De rê ir a chê ile tógfar sê ipê al,
Is beidh an tAifreann Gaeilge a'ainn ann,
Beidh an mhuintir thiar ag tíocht aniar,
Le sclê ip is spórt is spraoi,
Is beidh fáilte is fê asta roimh gach ê inne,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

Tá a leathchê ad bliain seo curtha a'm dhiom,
Is nach ait mar a d'imigh an t-am,
Tá cnámha na glúine a tháinig romhainn,
Faoi shuaimhneas sínte a'ainn ann,
Ach beidh an t-aos óg a thiocfas fós,
Ag inseacht ár scêal faoi,
Is beidh an Ghaeilge bheo le fáil go deo,
I Ráth Cairn Glas na Mí.

in print in Micheál Ó Conghaile, eag {ed}: 'SLAINTE - Deich mbliana de Chló Iar-Chonnachta'. Indreabhán: Cló Iar-Chonnachta, 1995 (as well as - to the best of my memory - in 'Croch Suas É!' - same editor

I like the internal rhymes! The tune is similar to 'Skibbereen', but the tempo is more upbeat.
Aine - your new web design looks nice and I see you added alot of links on your pages (but aren't some songs missing?)