Iníon an Bhaoghailligh Ó bhí mé oíche taobh istigh Fhéil' Bhríde A' faire thíos ar a Mhullach Mhor, Agus tharlaigh an naoi díom a dtug mé gnaoi dí Mar bhí sí caoghmhaoil, lách álainn óg. Sí go cinnte a mhearaigh m'intinn Agus liach na bhFiann ó, ní leigheasfadh mé, Agus tá mo chroí istigh 'na mhíle píosaí Mura bhfaighim cead síneadh lena brollach glé'il.
A chailín donn deas a chuaigh i gcontúirt, Orú, druid anall liom agus tabhair domh póg Agus dá mbíodh mo mhuintir uilig i bhfeirg liom Nár chuma liomsa a mhíle stór. A mhíle grá tá cách a rá liom Gur don ghrá ort a gheobhaidh mé bás, Agus níl lá margaidh a mbíodh sna Gearaltaigh Ná bhfaigheann cúfathmhuinneach agus mise ag ól.
Is fada 'n lá breá ó thug mé grá duit, Agus mé 'mo pháiste bheag óg gan chéill 'S gura leatsa shiúlfainnse cnoic 's gleanntáinn, 'S go Baile 'n Teampaill dá mbiodh sé romham. Ach anois ó tá mise curtha cráite 'S gur lig mé páirt mhór de mo rún le gaoth, A Rí tá i bParrthgas ó déan domh fárus I ngleanntáin áilne lena taobh.