The Mudcat Café TM
Thread #79301 Message #1435642
Posted By: GUEST
15-Mar-05 - 07:28 PM
Thread Name: Lyr Req: Mo Theaghlaigh
Subject: Lyr Add: MO THEAGHLACH
MO THEAGHLACH
Curfá :
'Seinn hadhraibh! ó! húraibh! ó! húgaibh! ó! hí!
Siúd agaibh an obair d'fhág meidhreach mé 'm chroí!
Nuair sheolaim mo chos' chun mo theaghlaigh bhig ghrinn
Ar chríochnú ar shaothar mo lae dom.
Siúd thall thar an eas mar a bhfásann gach craobh,
An botháinín beag aoibhinn do gealadh le haol;
Siúd agaibh mo theaghlach is teaghlach mo ghaol
Mar a gcaithim mo shaoghal go sásta.
Curfá
Tá maise san áit úd a's breáthacht rómhór
Tá biolar 's nóinín 's seamróg na dtrí gcluas.
Tá fothain sa gheimhreadh ó ghaoith an taoibh thuaidh
Sin moladh a's tuairisc ar áilleacht.
Curfá
Diarmaid Mac Coitir.