Aisling gheal do shlad trím néal mé Is go rabhas-sa tréithlag seal im luí Is go rabhas i ngleann cois abhann im aonar, Is go rabhas ag aeraíocht le grá mo chroí. Go raibh na camthaí Gall agus Gaelach Is claimhte géara ag uaisle an tsaol, Ag breith barr áidh is á rá le chéile Go raibh clann an fhaoit anois le fáil gan mhoill.
Ba ghearr a shamhail dom gur dhearcas Mary, 'Gus gruaig a cinn léi go féar a' fás, A folt a tíocht mar na réaltainn Ag titim léise go barr a troighe, Ag siúl na drúchta de barr an fhéir glais 'S is lúafar éadtrom mar do shiúladh sí, A dá chíoch chruinne ar a hucht go néata, A grua mar chaortha, is ba gheal í a píb.
Do bheannaíos-sa do mo chuid i ngaelainn Is modhail 's maorga do fhreagair sí: "A plúr na bhfear, mo shlad ná deinse Mar is maighdean mé nár tháinig d'aois Dhá dtéadh sa ghreann dúinn clann a dhéanamh, Is go mbéifeá séantach ins an ghníomh, Gur gearr ón mbás mé, is go bhfágainn Éire Im ghóist im aonar bheinn romhat id shlí."
Do leagas mo láimh uirthi go béasach Ó bhun a stays go dtí barr a troighe, In aghaidh gach staire go ndeinfinn léi dhi Go bpógfainn a béilín tlath arís; Nuair a fuaras-sa dhom gur ghéill sí Mo chroí do léim mar an éan ar chraoibh; Trí lár mo smaoinimh ach gur dhúisigh néal mé Is de chumha ina disdh siúd, ní mhairfead mí.