The Mudcat Café TM
Thread #13185   Message #1616783
Posted By: GUEST
29-Nov-05 - 08:16 PM
Thread Name: Lyr Req: Staimpi / Raithineach a bhean bheag
Subject: Lyr Add: RAITHINEACH A BHEAN BHEAG
Sorry, I was veiwing this in Firefox and it's buggered up the fadas.

RAITHINEACH A BHEAN BHEAG

Do chuireas mo ghearrchaile go Barra na hAoine
Ag iarraidh staimpí nó cácaí mílse,
Nuair a tháinig sí abhaile ni bhlaisfeadh fear an ti é,
Raithineach a bheanbheag déanfaimid aris é.
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag, staimpí agus im air,
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag,
Raithineach a bhean bheag is déanfaimid an císte.

Tá tigh mór fairsing i mBarra na hAoine:
Bíonn bean acu á ghlanadh is bean eile acu á scríobadh,        
Bean eile acu á fháscadh os cionn corcáin ar a dícheall
Is seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar an ngríosaigh.        
Raithineach srl.        

Nuair a ghluaiseann Máire, Siún agus Síle,
Nóra agus Cáit is sásta a bhíd siad,
An juga ar an gclár is a cháirt dá líonadh,        
Is mo cheol go brách sibh, a mhná cois Aoine.        
Raithineach srl.