Here's Frank's version with the fadas put in:Bean An Fhir Rua
A bhruinneal gan smál, 'bhfuil na dealraitheacha deasa 'do ghrua
Fán ógánach bhán atá cráite le fada i do dhiaidh
Ní cheilimsa ar aon neach cad é 'n fáth a bhfuil ormsa gruaim
D'ainneoin eaglaise is bráithre 'sí grá mo chroí bean an Fhir Rua
Is rachaidh mé síos seal míosa nó coicís' ar cuairt
'S ní phillfidh mé 'níos go síntear mo chaolchorp san uaigh
Ó! dochtúirí an tsaoil ní leigheasfadh siad mis' an uaigh
Ach an t-aon amharc amháin a fháil ar bhean an Fhir Rua
Dá chuirfí mé síos i bpríosún dubh dorcha cruaidh
'S na boltaí ar mo chaolchorp 's na míle glas as sin suas
Ó d'éireodh an ruaigeadh mar a d'éireoidh na h-eala ón chuan
Ach an t-aon phóg amháin a fháil ó bhean an Fhir Rua
Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí
'S nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí!
Chan iarrfainnse 'n achainí ar Ard-Rí na bhFlaitheas anuas
Ach an t-aon phóg amháin is a fháil ó bhean an Fhir Rua