The Mudcat Café TM
Thread #17429   Message #168772
Posted By: GUEST,Neil Comer
26-Jan-00 - 05:01 PM
Thread Name: Lyr ADD: Os Liostail me le sairsint
Subject: RE: Lyr Req: Os Liostail me le sairsint
liostáil mé le sáirsint mo chreach agus mo bhrón Chuaigh mé leis thar sáile mar bhí mé óg gan chéill Fuair mé gunnaí sásta agus claimhte géara bána Is shíl mé féin gurbh fhearr sin ná Contae Mhaigh Eo

Is má théann tú choíche go Connachta tabhair ruaig chun oileáin úir Inis do mo bhunadh go bhfuil mé faoi bhrón Go bhfuil mé tinn tréithlag is gan duine ar bith le m'fhiafraí Is mé ag smaointiú fríd mo néaltaí ar Chontae Mhaigh Eo

Tá píopa fada cailce agam is tabaca le cur ann Buidéal uisce bheatha is an mhórchuid den leann Leaba dheas den luachair is mo stóirín le cur inti Is cead síneadh síos go maidin le mo chailín dóighiúil donn

Nach deas an rud na saighdiúirí agus fliúit an bhaile mhóir Ag éirí amach ar maidin is a gcuid mná deasa leo A gcuid beaignití faoina n-ascaillí leofa is iad uilig ag ceol Is má tchíonn sibh ag dul thar sáile iad is a Rí gan mise leo

Hope this helps, Beir bua