A Neil, go raibh míle maith agat! Seo daoibh leagan Neil le na bristeacha:-- Áine
Liostáil mé le sáirsint mo chreach agus mo bhrón
Chuaigh mé leis thar sáile mar bhí mé óg gan chéill
Fuair mé gunnaí sásta agus claimhte géara bána
Is shíl mé féin gurbh fhearr sin ná Contae Mhaigh EoIs má théann tú choíche go Connachta tabhair ruaig chun oileáin úir
Inis do mo bhunadh go bhfuil mé faoi bhrón
Go bhfuil mé tinn tréithlag is gan duine ar bith le m'fhiafraí
Is mé ag smaointiú fríd mo néaltaí ar Chontae Mhaigh EoTá píopa fada cailce agam is tabaca le cur ann
Buidéal uisce bheatha is an mhórchuid den leann
Leaba dheas den luachair is mo stóirín le cur inti
Is cead síneadh síos go maidin le mo chailín dóighiúil donnNach deas an rud na saighdiúirí agus fliúit an bhaile mhóir
Ag éirí amach ar maidin is a gcuid mná deasa leo
A gcuid beaignití faoina n-ascaillí leofa is iad uilig ag ceol
Is má tchíonn sibh ag dul thar sáile iad is a Rí gan mise leo