Dear skarpi,Here's the version I learned from my friend, Jim Flanagan.
-- Áine
MO GHILE MEAR
Seal go rabhas im' mhaighdean shéimh
Anois im bhaintreach chaite thréith
Mo chéile a' treabhadh na dtonn go tréan
De bharr na gcnoc 's in imigéin.
Curfá:
'Sé mo laoch mo ghile mear
'Sé mo Shaesar gile mear
Suan ná séan ní bhfuaireas féin
Ó luadh i gcein mo ghile mear.
Bimse buan ar buairt gach ló
Ag caoi go crua 's ag tuar na ndeor
Ó scaoileadh uainn an buachaill beo
'S ná ríomhtar tuairisc uaidh mo bhrón.
Curfá
Ní haoibhinn cuach ba shuairc ar neoin
Táid fiorchaoin uaisle ar uathadh spóirt
Táid saoithe is suadha i mbuairt 's i mbrón
Ó d'imigh uainn an buachaill beo.
Curfá