The Mudcat Café TM
Thread #17905   Message #174509
Posted By: Áine
07-Feb-00 - 11:37 AM
Thread Name: An e an dan seo amhran?
Subject: An é an dán seo amhrán?
Fuair mé an dán thíos ar bord eile agus bím ag smaoineadh ab é amhrán é.

-- Áine

===================

Anois teacht an Earraigh
le Antaine Ó Reachtabhra (1784-1835)

Anois teacht an Earraigh
beidh an lá dúl chun shíneadh,
Is tar eis na féil Bríde
ardóigh mé mo sheol.
Go Coillte Mach rachad
ní stopfaidh me choíche
Go seasfaidh mé síos
i lár Chondae Mhaigh Eo.

Fágaim le huacht é
go n-éiríonn mo chroí-se
Mar a éiréonn an ghaoth
nó mar a scaipeann an ceo
Nuair a smaoiním ar Cheara
nó ar Ghaileang taobh thíos de
Ar Sceathach an Mhíle
nó ar phlánaí Mhaigh Eo

Cill Aodáin an baile
a bhfásann gach ní ann,
Tá sméara is subh craobh ann
is meas de gach sórt,
Is dá mbéinnse i mo sheasamh
i gceartlár mo dhaoine
D'imeodh an aois díom
is bheinn arís óg.

Bíonn cruithneach is coirce,
fás eorna is lín ann,
Seagal i gcaobh ann,
arán plúir agus feoil,
Lucht déanta poitín
gan licence á dhíol ann,
Móruaisle na tíre ann
ag imirt is ag ól.

Tá cur agus treabhadh
is leasú gan aoileach
Is iomaí sin ní ann
nár labhair me go fóill,
Aitheanna is muilte
ag obair gan scíth ann,
Deamhan caint ar phingin cíosa
na dada da shórt.