The Mudcat Café TM
Thread #91955 Message #1752499
Posted By: GUEST,Justin
03-Jun-06 - 11:01 PM
Thread Name: Lyr Req: Ur-Chnoc Chein Mhic Cai (in English)
Subject: Lyr Req: Translatation of Úr-Chnoc Chéin Mhic Cái
Can anyone translate the following and send it to me? Justin_tease@yahoo.com
text belwo or at: http://www.geocities.com/Athens/Forum/1813/urchnoc.htm
Úr-Chnoc Chéin Mhic Cáinte
A phlúr na maighdean is úire gné,
Fuair clú le scéimh ón Ádhamhchlainn,
A chúl na bpéarla, a rún na héigse,
'Dhúbhlas féile 's fáilte;
A ghnúis mar ghréin le dúsach a' lae,
A mhúchfadh léan le gáire,
'Sé mo chumha gan mé 's tú, a shiúr, linn féin,
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
Táim brúite i bpéin, gan suan, gan néal
De do chumha, a ghéag is áille;
'S gur tú mo roghain i gcúigibh Éireann
A' chúis nach séanaim ás de;
Dá siúlfá, a réalt gan smúid, liom féin,
Ba súgach saor ár sláinte
Gheofá plúr is méad is cnuasach craobh
Sa dún sin Chéin Mhic Cáinte.
A chiúin-bhean tséimh na gcuachann péarlach,
Gluais liom féin ar ball beag,
Nuair bheas uaisle is cléir is tuataí i néal
In a suan faoi éadaí bána;
Ó thuaidh go mbéam i bhfad uafa araon
Teacht nua-chruth gréine amárach
Gan duais linn féin in uaigneas aerach
San uaimh sin Chéin Mhic Cáinte.