The Mudcat Café TM
Thread #17905   Message #175710
Posted By: GUEST
09-Feb-00 - 03:13 PM
Thread Name: An e an dan seo amhran?
Subject: RE: An é an dán seo amhrán?
A Shéana, a chara
Ní le droch-mheas ort féin ach an oiread é, a dúirt mé an méid a dúirt.
Tá laigí ar gach file ar ndóigh.
Ach ní chreidimse gur 'cuid doscaoilte de litríocht filíocht.' i gcónaí.
Ní aontaím le do thuairim:
'Taobh amuigh de chomhthéacs na litríochta, ní féidir fiúntas phíosa chumadóireachta a mheas.'
Tá difríochtaí ann idir an fhilíocht atá cumtha mar 'litríocht' agus an 'fhilíocht bhéil'.
Siúlann siad ar thalamh a chéile go minic ach is minic go mbíonn feidhm éagsúil acu.
Aontaím leat nuair a deireann tú nach ionann ......'sin is a rá go bhfuil achan rud a chum sé ar an chaighdeán chéanna.'
Tá an ceart agat.
Tá amhráin (seachas 'dánta') níos fearr ná seo, cumtha aige.
Agus níor SCRÍOBH sé aon cheann acu síos.
Bhí sé féin dall ar ndóigh, mar sin chum sé agus chuimhnigh sé ar thart ar 50(?) amhrán ina chloigeann cuid acu atá an-fhada ar fad ('Seanchas na Sceiche': 101 cheathrú!! sin 404 líne!!).
Ní fhéadfá a rá go raibh feidhm 'litríochta' le gach ceann acu seo.
Ní shin a bhí uaidh féin i gcónaí.
Tá feidhmeanna go leor ag amhráin agus ag an amhránaíocht.
Le meas,
Antaine