The Mudcat Café TM
Thread #79301   Message #2015155
Posted By: GUEST,Philippa
03-Apr-07 - 07:39 AM
Thread Name: Lyr Req: Mo Theaghlaigh
Subject: Lyr Add: NUAIR A BHÍ MÉ IM' ÒGANACH
Lyrics by Seoirse Ó Broin (1921-2005). It is clear from the chorus that this song would go to the air of a Scottish Gaelic song, which has already been translated into Irish Gaelic and Scots English (, Mo dhachaidh, Mo Theaghlach, My Ain Hoose) and is probably published on Mudcat. Ò Broin's lyrics tell the story of a man remembering his carefree bachelor days and complaining that since he met and married Máire he is a "persecuted" man! source: An t-Ultach Feb. 2007

NUAIR A BHÍ MÉ IM' ÓGANACH
le Seoirse Ó Broin

Nuair a bhí mé im' óganach gan phósadh is saor
Gan imní, gan bhfón, gan buaireamh an tsaoil.
Bhíos i gcónaí ag imeacht le haoir agus spraoí
I gcuideachta cailíní óga.

Curfá (chorus:
Seinn hirim ó huraim aidh hócaim aidh haí
Nach mise tá ciapaithe is cráite im' chroí
Is da mbeinnse scaoilte is díomhaoin arís,
Is fad ó na cailíní a d'fhanfainn.

Shíl mé nár dhochar domh a bheith mar a bhíos,
Is nach bhfaighfeadh aon cailín greim orm choich,
Ach mo bhrón is mo chreach maidine chaill mé mo chroí,
Nuair a casadh orm Máire.

Anois tá an bheirt againn pósta le bliain
Sán diabhal í is measa dá bhfacthas ariamh,
Bíonn an tlú aici im' éadan le siocair dá laghad,
Nach mise ata scólta ag Máire.