Here's one version:NÍL SÉ 'NA LÁ
from the singing of Aoife Ní Fhearraigh
Níl aon phort dá chuala mé ar phíob ó tháinig mé i méadaiocht linbh,
Nach raibh liom ar bharr mo bhéil isteach
i sliabh 's ag gabháil 'n bhaile.
Curfá:
Níl sé 'na lá nó 'na lá,
Níl sé 'na lá nó 'na mhaidin,
Níl sé 'na lá 's ní bheidh go fóill,
Na níl sé ach uair ó d'éirigh an ghealach.
Seo na mugaí, seo na jugaí, seo an áit a bhfuil an leann,
'S mura bhfuil an t-airgead in do phócaí, buail a' bóthar 's gabh 'n bhaile.
Curfá
Éirigh do shuí a fhear a tí 's ná bíodh gruaim in do mhalaí,
Líon domsa cárta di 's gheobhaidh tú'n díolaíocht faoi mhaidin.
Curfá
Chuir mé féin mo lámh i mo phóca 's tharraing mé anois mo chorrán garbh,
'S é dúirt sí liom suigh síos ag bord, is gheobhaidh tú'n cárta go dtí'n galún.
Curfá
Tá na caoirigh ag ithe'n fhéir, is tá na huain ag ól an bhainne,
Tá mo bhean féin ar fud na tír', is mithid domh éirí is gabháil 'na bhaile.
Curfá