The Mudcat Café TM
Thread #21169   Message #225030
Posted By: Brendy
09-May-00 - 12:24 AM
Thread Name: Lyr ADD: There's the Day (Cathal McConnell)
Subject: Lyr Add: NÍL 'NA LÁ
The version I knew first

Níl 'na lá

Go mall, seolta

Chuaigh mé 'steach i dteach aréir,
Is d'iarr mé cárt ar bhean a' leanna,
'Sé 'dúirt sí liom: "Ní bhfaighidh tú deoir
Buail an bóthar's gabh'n a' bhaile."

Curfá
Níl 'na lá. Níl, a ghrá.
Níl 'na lá ná baol ar maidin.
Níl 'na lá's ní bheidh go fóill,
Solas ard atá sa ghealaigh.

Chuir mé féin mo lámh i m'phóc,
'S d'iarr mé briseadh corón' uirthi;
'S é dúirt sí liom, "Buail a' bord
Is bí ag ól anseo go maidin!"

Curfá

"Eir' i d' shuí, a fhir a' tí,
Cuir ort do bhríste is do hata
Go gcoinní tú ceol leis an duine cóir,
A bheas ag ól anseo go maidin."

Curfá

Nach mise féin an fear gan chéill,
A d'fhág mo chíos i mo scornach?
D'fhág mé léan orm féin,
Is d'fhág mé séan ar dhaoine eile

Curfá

"Tá do bhairille ar a cheann,
'S ní fheicim ann ach dríodar deascaidh;
Tá mo choróin ar an mbord
Is beam ag ól go dtiocfa' 'n mhaidin!"

Curfá

Learned from the singing of Seán Bán Mac Grianna, Rann na Feírste.

B.