Mo Chairde Gaeil,Fuair mé an teachtaireacht seo ar Gaelic-L an maidin:
On 12 May 00, at 9:46, Tony Corley wrote:
Fograim daoibh nuaidheacht lena rabhamar ag féitheamh leis na ciantaibh. Atá Raidio na Gaeltachta ar fáil BEO ar shuíomh RTÉ.
http://www.rte.ie/rams/rnag.ram
Agus mé dhá scríobhadh seo, atáid na deoraí ag teacht óm shuilibh le háthas is le racht glondair. Tobar na FíorGhaeilge óna n-ólfaimid uaidh seo amach...Arae, is ar éigin nach mbím ag caoineadh le háthas anseo, agus mé ag éisteacht leis.
Seo lá dár saol!
Le meas is áthas, Áine