Here are the lyrics for Máire Ní Eidhin -- and I'm hoping that Philippa will correct any mistakes I've made, since my copy of Abair Amhrán is falling apart and getting very hard to read. ;-) -- Áine
Máire Ní Eidhin le Antóin Ó Reachtabhra
Ar mo dhul chuig an Aifreann le toil na nGrásta Bhí 'n lá 'cur báistí is d'ardaigh gaoth Casadh an ainnir liom le taobh Chill Tártain Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi Do labhair mé léithe go múinte mánla 'S de réir a cáilíocht' do fhreagair sí Sé dúirt sí - "Raft'rí, tá m'intinn sásta 'Gus gluais go lá liom go Baile Uí Laí"
Shiúil mé Sasana 's an Fhrainc le chéile An Spáinn, an Ghréig 's ar ais arís Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Cóibhe 'S ní fhaca mé féirín ar bith mar í Dá mbeinnse pósta le bláth na hóige Trí Loch an Tóraic do leanfainn í Cuanta 's cóstaí do shiúlfainn 's bóithre I ndiaidh an tseoidbhean 'tá i mBaile Uí Laí
Sí Máire Ní Eidhin an stáidbhean bhéasach Ba dheise méin agus b'áille gnaoi Dhá chéad cléireach 's a gcur le chéile Agus trian a tréithre ní fhéadfadh scríobh Buail sí Déirdre le breáthacht is Véineas Is dá n-abrainn Hélen le'r scriosadh an Traoi -- Ach scoth ban Éireann as ucht an mhéid sin An pósae gléigeal 'tá i mBaile Uí Laí.