The Mudcat Café TM
Thread #19027   Message #239519
Posted By: Áine
07-Jun-00 - 04:05 PM
Thread Name: ADD: Eistigh liomsa sealad
Subject: Lyr Add: ÉISTIGH LIOMSA SEALAD
Well, I received a wee bit more information about this song from my friend Tadhg Ó Muiris in Toronto today. Unfortunately, he has neither "Nua-Dhuanaire II or III; however, he did find (yet another) version of this song in the collection "Binneas Thar Meon" which was made from folk music recordings from the 20's. Again, unfortunately, not all of the song is included. Also, this is not the same version that Iarla performs on the Afro Celt CD (close, but no cigar). Here are the lyrics Taghg sent me:

"Éistigí liomsa sealad is neosfad díbh cé a cailleadh:
Seán Ó Duibhir an Ghleanna is gan trácht ar a ghéim.
A choin is a ghadhair is a chapaill atá insa chré le fada;
Is nach fios cár ghaibh an t-anam do bhí ar áras a chléibh.
_
(liricí ar iarraidh anseo) (missing lyrics here)
_

Céad glóire leis an leanbh atá go hard sna Flaithis -
Cé gur mór le rá é a ghradam, is is cumhachtach ag an saol
Do rugadh é go dealbh i mainséar an asail
I lár an gheimbhridh ghairbh is gan scáth air ón spéir.

Níor dh'éirigh sé suas ina sheasamh, ná níor dh'iarr sé léas ar thalamh,
Ná dul i dtigh tábhairne ag ól an leanna ach an fíoruisce caol.
Dá shuaraíocht iad na beacha, do thug sé dhóibh slí bheatha
Ag déanamh céireach is meala i lár pháirceacha an tsléibhe."

So, we still have part of the song, in another dialect and version. Hopefully, Martin will be getting some lyrics soon for comparision. Isn't this fun?

A Mháirtín, Annraoi agus Philippa - Le bhur dtoil, tugaigí faoi deara an giota seo thíos:

Bhain Tadhg an chéad áit amach sa chatagóir "Amhrán Nuacheaptha" ag an bhFleadh MeánAtlantach, Coláiste Manhattan, Bronx Thuaidh, Nua Eabhrac, an 4ú Meitheamh. Ar an drochuair, ní bheidh sé in ann le dul go dtí Fleadh na hÉireann i mbliana, agus anois tá sé ar lorg amhránaí a bheadh in ann an t-amhrán "Ar an maidin sin" a chasadh ag Fleadh na hÉireann, Inis Corthaigh, ag deireadh Lúnasa i mbliana sa chatagóir chéanna ina iondsa. Má tá suim agat, iarrtar ort e-phost a sheoladh chuige (tadhgomuiris@hotmail.com). Seo daoibh a shuíomh féin a gheobhaidh sibh a amhrán Ar an maidin sin.

Le gach dea-ghuí, Áine