The Mudcat Café TM
Thread #115269   Message #2467634
Posted By: Thompson
16-Oct-08 - 04:18 PM
Thread Name: Lyr Req: An Lacha Bacach
Subject: Lyr Add: AN LACHA BHACACH
Lovely voice. The lyrics are posted on that YouTube page - here they are, with a note at the bottom from the poster:


AN LACHA BHACACH.

A chréatúirín leointe is brón liom do dhreach (face)
Im' choinnibh sa phóirse is tú breoite tinn salach,
Do sciathán ba ró-dheas ag silleadh sa lóib (mud) leat,
Is so lapa beag gleoite dar ndóigh ina dhá leath.
Didery aighle dam dodle di am the dam dam...
Pilibachleite (2 months ago)

An t-asal is dócha a thóg tú le speach
Is greadadh go deo air ba mhór é a theaspach
Cuirfead bata fuinseoige ag rince sa tóin air
Is ceangal naoi ló air cois teorann le staic.

Tar anseo im' dhóid chun go dtomhaisead do chnea
Is ná bí chomh glórach ní ceol do bhac-bhac
Idir bhriseadh 'gus leonadh tá ainnise mhór ort
'S is céasadh san domhsa mo lacha bhacach
Didery aighle....


Cad a dhéanfad amáireach is cás liom é mheas
Gan an t-ubh gorm breá mar ba ghnath don bricfeast
Is easnamh don shláinte an bascadh seo 'tá ort
Ach foighne sé 's fearr ar mo lacha bhacach

Tar liomsa láithreach thar táirsigh isteach
Is fan ann go soláthraíod duit cláirín is ceairt
Déanfad cliath daongean d'fháscadh ar bhriseadh do chnáimhín
Is snaidhmigh naoi lá é 's beir sásta go maith.
Didery aighle.....

Stopfad lochán duit go snámhfair amach
Sé an t-íocluibh (medicinal cure) is fearr é do lacha bhacach
Beirse i gcionn spáis bhig ag croitheadh sciathán ann
Is roimh tosach an Mharta ag ardú bhác-bhác!

Didery .....

-------

Because of character limitations I had to post this in sections and it has come out a bit bun-ós-cionn (arseways) so you'll have to re-adjust the verses accordingly!!
AnLoingseach