The Mudcat Café TM
Thread #119002   Message #2578933
Posted By: GUEST,Donal
01-Mar-09 - 08:38 PM
Thread Name: Pucan Mhicil Phaidin
Subject: RE: Pucan Mhicil Phaidin
The first version is from 'Croch Suas É': CIC 1986

The second is from 'Faoi Rothaí na Gréine': Coiscéim 1999



PÚCÁN MHICIL PHÁIDÍN

1. Ó, is a Chríost, nár mhór an áilleacht, í Púcán Mhicil Pháidín,
An lá ar fhág sí Crompán Charna, is é 'na ghála mhór,
Ó, ní bréag atá mé a' rá libh, ach an fharraige bhí sí cáitheadh
Go dtitfeadh sé 'na bháisteach ar dhá thaobh an chuain.

2. Dul siar le droim an Mhaoilín bhí suas le míle daoine ann,
Bhí púcán Bhaibsín roimpi ann is í réitithe 'mach chun seoil,
Séard dúirt Mr. Casey as Muínis "tá sí déanta ó thogha na saortha,
'S níl aon bhád ar an líne seo a bhuailfeadh í 'un seoil."

3. Is i Roundstone lá 'r na mhárach, sea thosaigh an gleo is an sáraíocht,
'Gus d'ordaigh sagart Charna iad a chur timpeall Sceirde Móir,
Ní raibh na naoi gcinn timpeall thar cholbha Crua na Caoile,
Nuair a bhí púcán Mhuínse stríoctha is a cuid fear i dteach an óil.

4. 'S tá cailín deas óg in Árainn, a thug cúpla míle anall léi,
Thug sí grá do Mhicil Pháidín, seachas a bhfaca sí d'fhir fós,
Ach anois teacht d'Fhéile Phádraig, beidh eallach, ban is bád a'ainn,
Is tá fhios ag an saol láimhe nach dochar dhúinn braon 'ól.


1
A Chríost nár mhór an áilleacht í púcán Mhicil Pháidín,
An lá ar sheol sí amach as Arainn is ar ardaigh sí an crann nua.
Ní bréag ar bith a bhfuil ráite, le a fheabhas is a bhí sí ag cáitheadh,
Dá dteagadh sé ina bháisdgh ar dhá thaobh an chuain.

2
A samhail ní raibh le fáil, ach ar nós an bhradáin fearna,
D'imeodh óna namhaid, is nár spáráil a dhíol siúil,
A fheabhas is a bhí sí déanamh, nuair a sháigh sí suas sa ngaoith,
Is go mba ghearr leis an slua sí í nuair a bhog sí léi chun scóid.

3
A Chríost nár mhór an áilleacht í maidin lá na rástaí,
Nuair a d'fhága sí céibh Charna is é ina ghála mór,
Maidin lá ar inháireach, is ea a thosaigh an g'leo is an táirm,
Is gurb éard dúirt sagart Charna muid a chur go Sceirde Mór.

4
Aniar ó Leac na gCáorach is ea a sháigh sí suas sa ngaoith,
Is na farraigí a bhí ina timpeall gur imigh sí ina ceo.
Níl ceann de na seacht gcinn úd, a bhí anuas ó Chruaich na Caoile,
Mar bhí púcán Mhaínse i dtír ann is a cuid fir amuigh ag ól.

5
Bhí tuilleadh is míle daoiní ina seasamh ar Chruaich na Caoile,
Mar bhí púcán Mhaínse stríoctha agus bhí sí déanta le haghaidh an tsiúil,
Is gurb éard dúirt Casey Mhaínse ó ghlan sí Cruach na Caoile,
Nach raibh aon bhád seoil déanta a bhuailfeadh í sa siúl.

6
Is éard é Micil Pháidín buachaillín ciúin, mánla,
De réir mar dúirt na mná linn go mba lách é i dteach an óil,
Bhí eolas ag gach dream air i dtaobh athar agus máthar,
Is gur fíor go gcroithfí láimh ag gabliáil sráid an bhaile mhóir.

7
Tá cailín óg in Arainn a bhfuil bó agus céad i ndán di,
Is thug sí searc is grá dhó seachas a bhfaca sí d'fhir fós,
Anois ag tíocht don Mhárta, beidh eallach, bó is báid againn,
Is nach bhfuil a fhios ag an saol Adhaimhe go bhfeilfeadh dhúinn braon a ól.

8
Is anois ó tá sé ráite, is an eala tarraingthe,
Scéala a theacht as Malbay ag iarraidh leathbhád seoil.
Is gurb éard dúirt Micil Pháidín: 'Ní raibh suim dhá phínn sa ngeall aige,
Ach a bhrataichín a bheith ardaithe an chaoi nach gcaillfeadh sí an report.'

9
Aniar ó Leac na gCaorach, tá an eala seo stríoctha,
Níor bhuail sí meilsceán Mhaínse ó tháinig sí san áit,
Mar bhí an figure aici is an form ó Prime Minister Chionn tSáile,
Is gur ina pabhsae álainn a fágadh í ag gardáil Bhéal an Chuain.