Here are the lyrics for Máire Ní Eidhin -- and I'm hoping that Philippa will correct any mistakes I've made, since my copy of Abair Amhrán is falling apart and getting very hard to read. ;-)-- Áine
Máire Ní Eidhin
le Antóin Ó Reachtabhra
Ar mo dhul chuig an Aifreann le toil na nGrásta
Bhí 'n lá 'cur báistí is d'ardaigh gaoth
Casadh an ainnir liom le taobh Chill Tártain
Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi
Do labhair mé léithe go múinte mánla
'S de réir a cáilíocht' do fhreagair sí
Sé dúirt sí - "Raft'rí, tá m'intinn sásta
'Gus gluais go lá liom go Baile Uí Laí"
Shiúil mé Sasana 's an Fhrainc le chéile
An Spáinn, an Ghréig 's ar ais arís
Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Cóibhe
'S ní fhaca mé féirín ar bith mar í
Dá mbeinnse pósta le bláth na hóige
Trí Loch an Tóraic do leanfainn í
Cuanta 's cóstaí do shiúlfainn 's bóithre
I ndiaidh an tseoidbhean 'tá i mBaile Uí Laí
Sí Máire Ní Eidhin an stáidbhean bhéasach
Ba dheise méin agus b'áille gnaoi
Dhá chéad cléireach 's a gcur le chéile
Agus trian a tréithre ní fhéadfadh scríobh
Buail sí Déirdre le breáthacht is Véineas
Is dá n-abrainn Hélen le'r scriosadh an Traoi --
Ach scoth ban Éireann as ucht an mhéid sin
An pósae gléigeal 'tá i mBaile Uí Laí.