The Mudcat Café TM
Thread #19027   Message #268803
Posted By: MartinRyan
31-Jul-00 - 04:09 PM
Thread Name: ADD: Eistigh liomsa sealad
Subject: Lyr Add: SEÁN Ó DUIBHIR AN GHLEANNA
Here's the version given in the Nua-Duanaire III published by the Dublin Institute of Advanced Studies in 1981. Its given in verses of sixteen shoart lines, but I've used the more usual 8-line layout - with some guesses at syntax.

SEÁN Ó DUIBHIR AN GHLEANNA

Éistidh liomsa sealad go 'neosad díbh cé cailleadh
'Sé Seán Ó Duibhir an Ghleanna is gan trácht thar a réim
A choin, a ghadhair 's a chpaill, tá go doimhin fé chré is fé chartadh
Is ní fios cár ghaibh an t-anam, bhí in áras a chléibh
Mar is cladhaire an bás a thagann go ciúin, gan chaint, i ganfhios,
Ar nós na taoide a leathann ar chuantaibh 's a scéitheann
Agus ó tá sé i ndán dúinn freagairt, bíodh grásta an Rí againn feasta
'S na bóithre glan roimh ár n-anam go háras na naomh

Céad glóire leis an Athair, tá go comhachtach ins an Fhlaithis
Cé gur síoraí buan í a ainmle trácht ag an saol
Do chum, do chlóigh na haingil, go lonrach, soilseach, lasmhar
Gan cheo, gan smól, gan pheaca, gan teimheal mar an ngréin
Do stiúraigh spéartha is scamall, do chur solas árd sa ngealaigh
Na réiltinn chúinn ag taitneamh, gach oíche ar an spéir
Do scaoil gach abha is glaise, 'na slaodaibh tíugha lena fheartaibh
'S an mhórmhuir bhrútach ' caiseadh a lán dá cuid éisc

Céad glóire arís lena ainm, go síoraí buan le seasamh
Do thill is fuair an ceannas i gclú glan 's i réim
Do líon gach coill de chrannaibh, go buachach bláfar daite
'S na héin go binn ag cantain 'na ngéagaibh go léir
Dá laighead le rá na beacha, do thug dhóbh ceard dheas bheatha
Cé go ndeagaidh sé d'údair mhaithe, í a fhoghlaim mar cheird
Cnósaid leo a gcuid meala, fhaid bhíonn an ghrian ag taitneamh
Mar stór i gcomhair í a chaiteamh sa ngeimhreadh le céill

Sin sampla dhuitse, a pheacaigh, le foghlaim ósna beacha
A chnósaíonn leo a gcuid meala a gleannaibh na gcraobh
'S na mnaoimh do bhíodh go dealamh, ná cruinníodh stór ná paca
Is ní cuireadh ór i dtaisce ná i mbancaibh an tsaoil
Ná caitheadh bútais smeartha, is ná téadh ar marcaíocht chapaill
Ach ag siúl ar fuaid an tsneachta gan scáth orthu ón spéir
Go mbíodh a gcéalac fada is ná téadh chun suain ar leapan
Ach ag méadú stór na bhFlaitheas go cráifeach gan chraos

Do gach n-aon atáim á thagairt, go mbíonn a gclaonta á mealladh
Ná leanann riail na sagart ná sampla na naomh
A bhíonn ag cnáid 's ag magadh, fén té bhíonn fánach dealamh
Ná bíonn chomh hard leo i rachmas ná i saibhreas an tsaoil
Nuair théid go tabharna an leanna, bíd ag glaoch is ag gairm
Ar gach sóghlas bídh dob fhearra 's ar fíontaibh bhíonn daor
Ag titim i ndrúis an pheacaidh, dá bhfaigheadh aon choi ar i ganfhios
'S ainm Mhic Dé acu á spalpadh, le scleondar gan spéis

Tugaidh go léir fé ndeara an sampla d'fhág an Leanbh
Nuair thuirling sé ar an dtalamh le grá dhúinn go léir
Do saolaíodh é go dealamh i mainséar fhuar an asail
I lár an gheimhridh ghairbh gan aoibhneas gan aer
Nuair éirigh suas i bpearsain, níor thóg sé léas ar thalamh
Níor dheaghaidh ag fiach le marcaigh, 's níor ghráidh rian a ngéim
Níor iarr sé cuairt ná halla, is níor shuigh sé i dtabhairne an ragaidh
Le mian ag diúgadh an leanna, ach an fíor uisce caol

Cé chífeadh dream an airm, nár chrom a nglúín chun sagairt
'S go ndeaghaidh de Chríost a dteagasc ná a dtabhairt ar a réir
A ghéaga acu á cheangal ar adhmad chruaidh gan taise
Ina bhraighid gan choir gan pheaca, á thabhairt chun an tsléibhe
A gclaidhte géara glana acu ina ndóíd ag bagairt
Os comhair na mílte pearsa a bhí i lathair an bhréith
Agus an Mhaighdean úd, mar mheasaim, 'as a gruaidg aici á stathadh
Nuair a síneadh chúichí é treasna ar a glúinibh go tréith

Very different song, isn't it? I can see why Áine Ó Cheallaigh had an "aithrí" in her head!

There are some references given to manuscript and journal sources - I haven't had a chance to follow these.

In passing: While looking for this in the archive, I came across a fascinating book called "Poets and Poetry of Munster", published in 1860 under the pseudonym "Erionnach". It incluydes a version of the more common song - with some splendidly eccentric comments!

Regards