The Mudcat Café TM
Thread #68200   Message #2924092
Posted By: GUEST,RG Cuan
09-Jun-10 - 03:07 PM
Thread Name: Lyr Req: An Phailistin (Irish Gaelic)
Subject: Lyr Add: AN PHAILISTÍN (Irish Gaelic)
Seo daoibh a chairde!

AN PHAILISTÍN

Leathchéad bliain faoi riail Iosraelaigh,
Scaipeadh 's fann ar na milliúin teaghlaigh,
Brón 's briseadh croí,
Mo bhrón mo Phailistín.

An Phailistín, an Phailistín, mo Phailistín,
Hosni alaikum ya Falastin,
Hosni alaiki ya Falastin.

Lá agus oíche mar a cheile,
Mná ag caoineadh 's paistí ag scréachaíl,
Síon ón F16,
Marú ar gach taobh.

Dhá bhliain fhada de Intifada,
Caitheadh cloch sa Bhruach Thiar 's i nGaza,
Seasta ar pháirc an áir,
Gan brat ná pas le fáil.

An Phailistín, an Phailistín, mo Phailistín,
Hosni alaikum ya Falastin,
Hosni alaiki ya Falastin.

An talamh naofa shiúil an leanbh Íosa,
Fáithe Abrahám 's Maoise,
Mahamad ó mo bhrón,
Scriosta ag Sharon.

Iarúsailéim, dúirt Íosa Críost,
Nach bhfágfaidh cloch ar chloch, is fíor,
Tairngreacht ag teacht chun cinn,
Mo bhrón mo Phailistín.

An Phailistín, an Phailistín, mo Phailistín,
Hosni alaikum ya Falastin,
Hosni alaiki ya Falastin.