The Mudcat Café TM
Thread #26193   Message #313359
Posted By: GUEST,Angun
06-Oct-00 - 03:59 AM
Thread Name: Lyr Req: ar errinn no neosainn
Subject: Lyr Add: AR ÉIRINN NÍ NEOSFAINN CÉ HÍ
Ar Éirinn ní neosfainn cé hí

Aréir is mé ag téarnamh ar neoin
Ar an dtaobh eile den teora ina mbím,
Sea do thaobhnaigh an spéirbhean i mo chomair
D'fhág taomanach breoite lag sinn.
Le haonghean dá méin is dá cló
Dá briathra is dá beol tanaí binn,
Do léimeas faoi dhéin dul ina comhair
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí

Dá ngéillfeadh an spéirbhean do mo ghlór
Is iad ráite mo bheoil a bhead fíor,
Go deimhin duit, ná deánfainn do ghnó
Do léirchur i gcóir 's i gcrích.
Do léifinn léistair do mo stór
Is ba mhéin liom í a phógadh ó mo chroí:
Do bhéarfainn an chraobh di ina dóid
'S ar Éirinn ní neosfainn cé hí

'A ghrá ghil, bí páirteach liom féin,
'S go háirthe, dá mb'fhéidir liom scríobh,
Bheinn ag gáire le bánachnis na gcraobh
Dá bhfaighinn áirithe ó aoinne´cé hí.'
Níl a cairde róshásta liom féin
Chun áras a dhéanamh ná tíos
Ach ó tá sí, de réir ráithe do bhéil,
Ní náir' duit a léamh dúinn cé hí.

Maybe this can help you.

All the best, Angun

(line breaks added by a Joe clone, you need to put <*br*> (without the "*"s at the end of each line)