The Mudcat Café TM
Thread #74192   Message #3257018
Posted By: GUEST
14-Nov-11 - 04:25 PM
Thread Name: Lyr Req: Is trua nach bhfuil me in Erinn
Subject: RE: Lyr Req: Is trua nach bhfuil mé in Érinn
IS TRUA NACH BHFUIL MÉ IN ÉRINN (Micheal O' Domhnaill version)


Is trua nach bhfuil mé in Érinn san áit a tógadh mé i dtús mo shaoil,
Ná faoi bhruach na binne móire, ná ag on Éirne lena taobh.
Sin an áit a bhfaighinn an t-aos óg ann a thógfadh an brón seo 's an tuirse díom,
'S da mbeinn bliain eile arís ní b'óige go mbeinn a dhul leofa arís.

Bliain mhór agus an t-am seo bhí mé mo chónaí i gCnoc a' Sciobóil,
Bhí mo theach mór á dhéanamh ag saorthaí istigh i gCorcaigh,
Bhí mo cheann ar bharr píce le gaoth mhór mhór agus le fearthainn,
Má tá roinnt agam d'Mháire an Phéarla, m'anam gléigeal nach d'téann 'na bhflaitheas.

Cheannóchainnse garradh dá n-éireochadh liom,
Chuirfinn mustard breá ard ann agus bláth bán ar a' chrann,
Chuirfinn síol coirce, síol eorna, síol a ndéantar dean lionn,
'S gurb é síol eorna na gcártaí a d'fhág an mála ar mo dhroim.

Mar a éiríos an ghealach, ná mar 'luíos an ghrian,
'S mar 'théid an lán mara fá na cuantaí seo siar,
B'fhearr liom mo luí i bhfiabhras ná bheith i bpiantaí móra báis,
Ná boltaí i bheith in mo dhéinchorp is iad á bhfáscadh go cruaidh.

A dheartháir, a Ri na Páirte, tabhair mo chás leat uilig 'na bhaile,
Mo stocaí agus mo bhróga, 's mo chlócaí atá dubh daite,
Tabhair scéala ionsair mo mháithrín 'tá faoi dhólás anois sa bhaile,
Go bhfuil rópa cruaidh cnáibe 'goil in áit mo charbhata.

Verse not included:

A dhul fríd an bhaile dheas dhom nach mé bhí lag tinn,
Is ar philleadh arís 'na bhaile dom cha raobh duine ar bith lom,
Bhí mo mhuintir uilig i gcoraidh liom, nuair a bhíomsa amuigh go mall,
Is go bhfuil 'fhios ag mo Mhuire mháithrín gur mar seo mar a bhí an geall.