The Mudcat Café TM
Thread #67119   Message #3449361
Posted By: GUEST
08-Dec-12 - 03:09 PM
Thread Name: Lyr Req: da mbeadh agam or
Subject: RE: Lyr Req: da mbeadh agam or
Dá mbeadh agam ór agus airgead
Ní fhanfainn anso trí seachtaine
In achrann leis an ndealuas
Ach thogfainn tí thar teorainn.

Fallaí árda marmair,
Fuinneóga breátha geala air
Órnáidí an t-saoil ann bailithe –
Is chuirfinn díom chun bóthair.

Thógfainn seol chun farraige
Go mbeadh an domhain fé'm aitheantas,
Fáilte i ngach halla rogham
'S gan chip na glas ar dhóirse.

Ach cad a dheanfainn féin le'm asailín,
Is le'm ghabhar a thugadh bainne dom,
An botháinín is an gharraí bheag,
An cat 'san ghadhairín gleóite?

'Sé chrá an tsaoil-se an t-airgead,
Bíodh sé gann no fairsing agat
Beidh rud go deo in easnamh ort –
Mar an gobadán sa scéoilín.

Fallai arda marmair,
Fuinneóga breátha geala air
Órnáidí an t-saoil ann bailithe –
Is chuirfinn díom chun bóthair.