The Mudcat Café TM
Thread #3926   Message #3557752
Posted By: GUEST,JTT
10-Sep-13 - 06:58 AM
Thread Name: Info on 'Slieve Na Mban'
Subject: RE: Info on "Slieve Na Mban"
Is oth liom féinig bualadh an lé úd
Do dhul ar Ghaeil bhochta is na céadta slad
Mar tá na méirligh ag déanamh game dinn
á rá nach aon ní leo pike nó sleá
Níor tháinig ár major i dtús an lae chugainn
Is ní rabhamar féin ann i gcóir ná i gceart
Ach mar sheolfaí aoireacht bó gan aoire
Ar thaoth na gréine de Shliabh na mBan

Mo léan léir ar an dream gan éifeacht
Nár fhan le héirim is d'oíche stad
Go mhéadh dúiche Déiseach is Iarthar éireann
Ag triall le chéile ón tír aneas
Bhéadh ár gcampaí déanta le fórsaí tréana
Bhéadh cúnamh Dé linn is an saol ar fad
Is ní dhíolfadh meirleach darbh ainm Néill sinn
Is bhuafaí an réim linn ar Shliabh na mBan

Is tá an Francach faobhrach is an loingeas gléasta
Le cranna géara acu ar muir le seal
'Sé an síorscéal go bhfuil a dtriall ar éirinn
Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís 'na gceart
Dá mba dhóigh liom féineach go mb'fhíor an scéal úd
Bheadh mo chroí chomh héadrom le lon an sceach
Go mbeadh cloí ar mheirligh, is an adharc á séideadh
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan

The lyrics in Irish are about the slaughter of Irish Volunteers on the slopes of this mountain during the 1798 Rising.