The Mudcat Café TM
Thread #155025   Message #3642945
Posted By: GUEST,Guest, Eilis Maidhci
17-Jul-14 - 04:54 PM
Thread Name: Lyr Req: an chúil duibh réidh/an chuil duibh reidh
Subject: RE: Lyr Req: an chúil duibh réidh/an chuil duibh reidh
Lyrics of 'An Chuil Duibh Reidh.

Cois a Ghaothraidh is breátha in Éirinn is is áille ar abhainn,
Mil is céir bheach, toradh ar ghéagaibh agus úlla ar chrann.
Chloisfeadh éinne cantain éan ann a bheadh míle ón mball-
Cnó buí 's caora ar bharraíbh géag ann ag fás go Samhain.

'S nuair a ghabhann sí Drom a' Charra soir is ón dteorainn riabhaigh,
Is taithneamhach gach caise 'ci le ceo glan niamh',
Bíonn barra glas ar bhaiseanaibh agus pór brea ar fhéar
Agus cantain suilt ar bharra coille ag ceol na n-éan.

Is ar Túin soir bíonn ceolta ann agus Aifrinn Dé,
'S fearaibh óga nárbh eol dóibh i dtigh a' tabhairne glaoch,
Ní le mórtas den tsórt seo a bheirid leo an suae [sway]
Ach déanamh bóithre le fórsa tríd a' gCúil Duibh Réidh.

There are more verses in this song, but to the best of my recollection, this is what Diarmuid had on the recording.