The Mudcat Café TM
Thread #155898   Message #3673044
Posted By: GUEST,Brian
30-Oct-14 - 11:31 AM
Thread Name: Lyr Req: Irish Song ID please
Subject: Lyr Add: COIS ABHAINN NA SEAD
I have another version from Eilís Ní Shúilleabháin in the TG4 Song Archive. The words don't match well in either version. Such is the folk process. The most important version is whatever the singer is singing. I may be challenged to tweak outNollaig Casey's version.

COIS ABHANN NA SÉAD

Cois abhann na séad ar uair roimh a' lae, 's mé ag imeacht fé dhéin mo shláinte,
Mar a mbídís caora 'gus cnó buí ar ghéagaibh is mil bheach 'na shlaod ar bhánta.
Do labhradar na h-éin, do lasadar na spéartha, bhí an fharraige 'na caor- luisne lán suas,
Do mhúscail an ghrian a bhí le sealad mór fé chiach agus d'éirigh an t-iasc 'na lán rith.

Ansúd ar dtúis ar imeallaibh ciúise coille cumhra sea tharla
An fhinne-bhean fhionn gur bhinne liom a tiúin ná an fidil, an fliúit ná 'n cláirseach.
Ba bhreá deas a súil, a mala caol cumtha, a leaca bhí mar chúr na trá amuigh
Ba ghile í ar a píb ná an eala ar an linn is do líon mo chroí le grá dhi.

Nuair a dhearcas í ansiúd mar a bhí an ainnir ba chaoine 's ba bhreátha,
Bhí scáil na gcaor 'na leacain réidh agus fátha bhí 'na gáire.
Dob é an chom slím do lagaigh mé im chroí le taitneamh dá cló 's dá gáire,
Ó bhaitheas go bonn bhí a ciabh léi go trom is a cúl buí go casta fáinneach.