The Mudcat Café TM
Thread #158738   Message #3756804
Posted By: AmyLove
08-Dec-15 - 04:31 PM
Thread Name: Lyr Add: Christmas songs in Irish
Subject: RE: Lyr Add: Christmas songs in Irish
An Nollaig Theas (Timothy Dennehy)

Dia do bheatha 'dir asal is damh gan riar
Dia do bheatha id' leanbh, id Fhlaith gan chiach
Dia do bheatha ód' Fhlaithis go teach na bpian
Dia do bheathasa 'Íosa.

Dún do shúil a Rí an tSolais, dún do shúile ríoga
Dún do shúil a Shaoi an tSonais, dún do shúile síoda.

Tá bóithrín fada fágtha id' dhiaidh
Dia do bheatha id' leanbh id' Fhlaith gan chiach.
Gach doras druidte is tú gan bia
Dia do bheathasa 'Iosa.

Dún do shúil a Rí an tSolais, dún do shúile ríoga.
Dún do shúil a Rí an tSonais, dún do shuile síoda.

Tá fáilte is fiche romhat sa Ríocht
Dia do bheatha id' leanbh, id' Fhlaith gan chiach
Tá teas is deoch is leaba righin,
Dia do bheathasa 'Íosa.

Dún do shúil a Rí an tSolais, dún do shúile ríoga.
Dún do shúil a Ri an tSonais, dún do shúile síoda.

Dún do shúil a Rí an tSolais, dún do shúile ríoga.
Dún do shúil a Ri an tSonais, dún do shúile síoda.