The Mudcat Café TM
Thread #158738 Message #3759707
Posted By: AmyLove
19-Dec-15 - 03:10 PM
Thread Name: Lyr Add: Christmas songs in Irish
Subject: RE: Lyr Add: Christmas songs in Irish
A Leanbh Ghil Mhilis (Dordán)
(lyrics source)
A leanbh ghil mhilis do tháinig ón bhflaitheas anuas,
Chun scéala dea-mhéin is siochána ón neamh do bhreith thú,
Nach mór é an t-ionadh le rá thú id' luí insan bhfuacht,
Is gur tusa, a Shlánaitheoir ghrámhar, tiarna na gcumhacht.
Féach orainn, muintir na hÉireann, ag teacht os do chomhair,
Mar thángamar aingil is aoirí an oíche úd fadó.
Ó molaimid d'ainm ró-naofa, a Dhia na Slua,
Agus beirimid leatsa ár mbuíochas anois is go deo.
Go bhfóire tú orainn, a Íosa, a thug dóchas don tsaol,
Impímid go humhal ort ár muintir do chosaint ar bhaol.
Déan ainsprid na deighilte do dhíbirt amach uainn i gcéin,
Is is géar go mbeidh áitreabh ár sinsear faoi rath is faoi réir.