The Mudcat Café TM
Thread #159159   Message #3769720
Posted By: keberoxu
31-Jan-16 - 06:51 PM
Thread Name: Lent: the herring
Subject: Mo-chean do theacht, a sgadain
MO-CHEAN DO THEACHT, A SGADAIN

Mo-chean do theacht, a sgadáin!
druid liom, a dhaltáin uasail;
do chéad beatha 's do shláinte!
do thuillis fáilte uamsa.

Dar anam h'athar, a sgadáin,
gidh maith bradáin ná Bóinne
is duit labhras an duain-se,
ó's tú is uaisle 's is óige.

A fhir is comhghlan colann,
n´ch déanann comann bréige,
cara mar thú ní bhfuaras;
ná bíom suarach fá chéile.

Dá bhféachdaois uaisle Banbha
cia is mó tarbha don triúr-sa,
is rí ar gach iasg an scadán,
idir bradán is liúsa.

Is é ar bhféachain gach cósta
go crích bhóchna ná Gréige,
iasg is uaisle ná an sgadán
ní bhfuair Conán Chinn-tsléibhe.

A sgadáin shéimh shúgaigh,
a chinn chúmhdaigh an Chárghais,
a mhic ghrádhaigh mo charad,
leam is fada go dtángais!

Gidh mór do thuit a-nuraidh
dod ghaol bunaidh fán méis-se,
ná cuimhnigh fíoch ná fala,
ó's tú cara ná cléire.

A sgadáin shailltigh shuilbhir
nach bíonn go duilbhir dúinte,
leamsa do theacth ní hanait,
súil ar charaid an tsúil-se.

I dtús an Chárghais chéasta,
a fhir le ndéantar comhól,
ortsa, go teacht ná Cásga,
is mór mo ghrása's is romhór.