The Mudcat Café TM
Thread #61847   Message #3794272
Posted By: GUEST,Mollie Lovett
07-Jun-16 - 01:15 PM
Thread Name: carraig aonair
Subject: RE: carraig aonair
I have seen the version posted by Jim Carroll a few times but it isn't the original as far as I know. Here are the lyrics I learnt (if my memory serves me correctly.) It has more modern spelling which doesn't reflect pronunciation in all cases. Letters and the word "do" before verbs is dropped in line with either usage, spelling reforms or both.


CARRAIG AONAIR

Ó! Luan dubh an áir tháinig suaineas ró-breá,
Do ghluaiseadar uaim-se leath-uairín roim lá
Ag iascach i mbád i gcontúirt a mbá,
Is tá iarsma na blian' úd i bhur ndiaidh go bhfaighead bás.

'Sé Cormac mo mhaoin an té b'óige dem chlainn,
'Gus coicíos ón lá san 'sea tháinig sé i dtír,
Gan tapa, gan bhrí, gan anam 'na chroí,
Ach a ghéaga boga geala 's iad leata ar a' dtoinn.

'Sé Domhnall mo stór, b'é rogha na bhfear n-óg,
Bhí módhúil, maiseach múinte, géar-chumtha go leor,
'S do scríobh sé ar a' gcóir leis an mbúcla bhí 'na bhróig
Gurb í Carraig Aonair a chéile go deó.

Tá duine eile dem chlainn nár thráchtas air puinn,
'Sé Finín, mo chóngarach, ceann cothaithe an tí.
Thugadh an fia leis ón gcoill is an bradán ón linn,
Fiadóga dubha an tsléi 'ge 's gan bhréig cearca fraoigh.

'Sí an Nollaig seo chugainn an Nollaig gan fonn
Dom cheathrar breá brolla'-gheal fé shruthaibh na dtonn.
Dá dtiocfaidís chugam, tá go doimhin ins a 'tsrúill,
Is breá dhéanfainn iad a chaoineadh is a shíneadh i n-Acadh Dúin.

A iníon, ó, mo chroí, ná goil-se 's ná caoin,
Mar gheobhaidh tú togha nóchair a dhéanfaidh romhar dhuit is crích.
Ní bhfaghad-sa mo bhuíon ná mo thriúr d'fhearaibh ghrinn,
Ná mo cheathrar breá múinte de lúbairibh groí.

Nuir a fhéachaim uaim síos, tagann greim i mo thaobh,
Nuair chím Carraig Aonair, ó pléascann mo chroí.
Thar n-ais dom arís go mullach mo thighe,
'Sí Carraig Aonair is céile dom chloinn.