The Mudcat Café TM
Thread #160086   Message #3795335
Posted By: keberoxu
13-Jun-16 - 11:37 AM
Thread Name: Lyr Add: An Sceilpin Draighneach
Subject: Lyr Add: An Sceilpin Draighneach
AN SCEILPÍN DRAIGHNEACH

[traditional]

'Gus maidin chiúin dár éiríos amach faoi bharr na gcoillte
Is ansiúd sea buaileadh saighead liom 's mo leigheas ní raibh le fáil
Mar gur dhearc mé 'n bhruinneall mheidhreach faoi bhruach na sceilpe draighne
Agus gheait mo chroí le meidhir aici 's dheamhain ar éirigh liom í a fháil

'S nach trua gan mé i mo smóilín nach leanfainn thríd an róid thú
'Sgo mbeinn ag seinm cheoil dhuit go n-éirí an lá bán
Dá bhfaighinn-se sean-bhean chríonna a mbéadh aicí bó n´ caoire
Thiomán fhainn í chun aonaigh le go mabainfinn aistí greann

Is buahaill mé atá aonraic is ní bheidh mé i bhfad má fhéadaim
Go siúlfaidh mé na réigiúin is as sin go dtír anonn
Ó corchaigh go Beann Éadair is go Bhaile Átha Cliath ina dhéidh sin
Go droichead Bhaile an tSléibhe nó go Béal an Átha siar

Tá mná na leanna ag coineadh is ná 'r fhóire ortha Mac Íosa
Nuair a bhíonns an sparán spíonta 's ar mo chroí a bhíonns an brón
Sé mo shúil go bhfaigheam aríst í ach mo léan ní bhfaighead ná coíche
Is gur gheall le saighead ar spíle í is nach claoite 'n galar an grá

Comhaltas archives