The Mudcat Café TM
Thread #90484   Message #3797882
Posted By: Felipa
26-Jun-16 - 06:51 PM
Thread Name: Lyr Req: Thuas ag Gort a'Charnain
Subject: RE: Lyr Req: Thuas ag Gort a'Charnain
others posted following at http://www.daltai.com/discus/messages/13510/32053.html?1201848579

Agus thúas ag Gort A Chárnáin
Tá áilne ban Éireann
'San té a gheobhadh ó nas máthair í.
Budh lághach í le bréagadh
A's og dtug mo chroidhe grádh di le páirt de'n dithchéille
'S d'éaluigh sí leis an táilliúr uaim
'Sé ránaidhe fear Éireann

Ní shiubhalfaidh mé níos mó ar
Na bóithribh seo agaibhse
Ach tógfaidh mé mo sheólta
Amach faoi na sléibhtibh
Ólfaidh mé mo dhóthain Dia Domhnaigh
'S ní béidh mé ar meirge
Mar shúil go bhfághainn blas do phóigín
'S tú mo stóirín, a bhláth na finne!

Tá mo ghrádh mar bhláth na náirne
bhíos ag fás i dtús an tsamhraidh
Nó mar na faoileáiní bána
bhíos ag snámh ar na gleanntaibh.
Nó mar bhéadh grian ós cionn Chárnáin
Ins na sráide ag gabháil tímpeall
A's mar siúd a bhíos mo ghrádh bán
Ag déanamh rábhailte thrí m'intinn

Éireofidh mé amárach
Le fáinne an lae ghléghil
A's déanfaidh mé mo dheaghrás
Amach faoi na sléibhte.
Fághfaidh mé mo bheannacht
Ag mnáibh deas an tsaoghail seo
A's dheanmhan a bhfillidh abhaile dhiom
Go mbeidh an barr ag clainnaibih Éireann.

and this version

Agus thuas ag Gort A' Chornáin
Tá áille ban Éireann
'S an té a gheobhadh óna máithrín í.
Ba taca í le bréagadh
Is go dtug mo chroí grá di le páirt den díth chéille
'S d'éalaigh sí leis an táilliúr uaim
'S é ránaiche fear Éireann

Tá mo ghrá mar bhláth na n-áirne
'Bíos ag fás i dtús an tsamhraidh
Nó mar na faoileánaí bána
A bíos ag snámh ar na gleannta.
Nó mar bheadh grian ós cionn Chornáin
Ins an tsiúlóid ag gabháil timpeall
Agus mar siúd a bíos mo ghrá bán
Ag déanamh rámhailte thrí m'intinn

Éireochaidh mé amárach
Le fáinne an lae ghléghil
Is déanfaidh mé mo dhea-rás
Amach faoi na sléibhte.
Fágfaidh mé mo bheannacht
Ag mná deasa an tsaoil seo
Is dheamhan an pilleadh abhaile dom
Go mbeidh an barr ag clannaibh Éireann.