The Mudcat Café TM
Thread #2747   Message #3801106
Posted By: Felipa
19-Jul-16 - 04:33 PM
Thread Name: Tune Req: Glenroe theme / Cuaichin Ghleann Neifin
Subject: Lyric add: Mainistir na Búille
Brian O Domhnaill does NOT use the "Glenroe" tune for Mainistir na Búille. Different lyrics than given above, although with the same line about spending 7 weeks in Mainistir na Búille. You can listen to him while viewing lyrics if you wish, at http://old.tg4.ie/en/programmes/archive/brian-o-domhnaill/mainistir-na-buille.html
Mainistir na Búille

Ó chaith mé seacht seachtaine thuas fá Mhainistir na Búille
Mo shuí agus i mo luí, mo chodladh is mo mhúscladh
Nuair a shíl mé bheith teacht 'na bhaile agus an eaglais a bheith faoi rún liom
Gurb é brí mo scéil a chailín is gan tusa a bheith ag dúil liom.

Ó is maith an fear fóinte mé lá Fómhair agus Earraigh
Bhainfinnse an eorna is chuirfinn romham í arís sna bealaí
Tá bláth buí ar an eorna is tá an Fómhair ag pilleadh arís léi
Ach croí brúite ar an ógmhnaoi nach lag brónach a d'fhág sí mise.

Tógfaidh mé mo sheoltaí go lag brónach fá Shamhain
'Gus ní dhéanfaidh mé stad nó scríste nó go raibh mé is mo ghrá i Sasain
Is trua nach é an bás a bhí i ndán domh sna bealaí a bhí fada
Sular chuir mé cúl mo dhá láimh le do chúilín bán deas i bhfad ó bhaile.

Agus bhí mé lá Samhraidh is mé ag siúl cois Bóinne
Tharla domhsa an spéirbhean is í a gabháil tharam ina cóiriú
Fana pilín ard riabhach 'gus a diallait ghlan órbhuí
Agus na ceoltaí a bhí meidhreach a bhí ag Máire an chúil órbhuí.

Tá ceo ar na réalta ar an ghréin is ar an ghealaigh
'S tá dalladh ar mo radharcsa 'gus ní léir domhsa na bealaí
Tá cuach i nGleann Éinnigh is ní féidir liomsa a mealladh
Tá cumha nach scarann go héag liom go dté mo chónarsa i dtalamh.