The Mudcat Café TM
Thread #2747   Message #3801122
Posted By: Felipa
19-Jul-16 - 06:05 PM
Thread Name: Tune Req: Glenroe theme / Cuaichin Ghleann Neifin
Subject: Cuaichin Ghleann Neifin -other song same title
This must be the song Thompson referred to earlier, same title, different lyrics, different tune as sung by Bríd Ní Mhaoilchiaráin

CUAICHÍN GHLEANN NEIFÍN

Tá féar fada 's fásach i ngleanntáin álainn i bhfad ó bhaile,
Tá úllaí 'gus dealraí ag fás go hard ar bharra cranna.
Dhá mbeinnse 's mo stóirín pósta 's an saol ag gabháil mar ba cheart linn,
Bheadh an t-airgead inár bpócaí 'gus luach an óil ag mná a' leanna.

Tá smúit ar na réalta ar an ngréin 's ar an ngealach,
'S ar amharc mo shúil fhéin is ní léir dhom na bealaigh,
I ndiaidh Cuaichín Ghleann Néifinn nár fhéad mé ariamh a mhealladh,
Is a stóirín ná tréig mé ó 'sí do mhéin bhreá atá do mo lagan.

Dá mba liomsa oileán Éireann fré chéile is an Bhreatain
Nó a bhfuil i mbarr craobhach ag séanadh is á fathadh
Is duitse uilig a bhéarfainn as ucht mo chéad searc a bheith agam
I ngleanntán mhín Néifinn nó i mBéal an Átha Fada.

Is fágfaidh mé an áit seo mar tá sé an-uaigneach,
'Gus gabhfaidh mé tóraíocht mo mhíle stóirín ins gach áit dá bhfaigh mé tuairisc,
Ní léir dhom na bóithre tá na deora do mo dhalladh,
'Sé mo léan géar gan teach mo lóistín sa seomra a gcóiríonn tú do leaba.