The Mudcat Café TM
Thread #42668   Message #3801763
Posted By: GUEST
24-Jul-16 - 12:58 AM
Thread Name: Info Req: An Binsin Luachra
Subject: RE: Info Req: An Binsin Luachra
This is more or less what de hOra sings, with some changes in words.

Do bhíos maidean drúchta go huaigneach agus mé ag siúl na trá,
Mo ghadhair a bhí go huasal ag gluaiseacht is mo ghunna im láimh,
'sea do dhearcas chugam an stuabhean ba dheirge grua, is í ba mhílse bláth,
Is do bhí ábhar binsín bainte aici den luachair ba ghlaise fás.

Is a chailín bhig na luachra, an ligfeása do bheart ar lár,
Ar bhruach na coille craobhaí, sinn ag éisteacht le guth an choileáin,
Is sagart ní bhfaighidh scéal air ná aon duine eile go bhfaigheadsa bás,
Nó go dtiocfaidh an chaint don gcéirsigh, is nuair a dh'iompóidh an lon dubh bán.

Is a chailín bhig na luachra, glac suaimhneas agus fan go réidh,
Mar ní call duit a bheith chomh buartha in uaigneas is tú ansúd leat féin,
Mar b'fhearr liomsa a bheith ag baint na luachra is dá hiompar go lá mo bháis,
Ná do leanbh do bheith ar mo ghualainn id chuardach is gan tú le fáil.