The Mudcat Café TM
Thread #160351 Message #3803289
Posted By: keberoxu
02-Aug-16 - 08:32 PM
Thread Name: Lyr Add: Cnocainin Aerach Cill Mhuire (Kilmurry)
Subject: Lyr Add: Chnocainin Aerach Cill Mhuire (Kilmurry)
This is an exceptionally tuneful melody, I can imagine someone whistling it.
CHNOCÁINÍN AERACH CILL MHUIRE
[traditional; collected by P.W.Joyce and, later, Diarmaid Ó Muirithe]
CURFA? There is one -- I don't have the text though.
1. Is buachaillín mise do shiúlaigh a lán
Ag cur tuairisc na háite is b'fhearr ionad
I múineadh in iompar i gclú cheart 's i gcáil
I mbéasa i dtréithe is i miotal
Ní heol dom aon chúige nó dúnbhaile breá
Dá bhfacasa im' shiúlta ba shúgaí le rá
Níor luigh ariamh mo shúil ar aon dúiche chomh breá
Leis an áit úd a nglaotar Cill Mhuire air
(CURFA)
2. Ansiúd a bhíonn tionnlach mion cholúr is faoileán
An chéirseach fraoigh chearca is druide
Ar ghéagaibh ina slaodaibh ag géilleadh faoi bhláth
Is gur mhéin liom le háireamh a bhfoireann
Bíonn fuaim ag an gconairt á leagaint chun fiaigh
Ag traochadh an tsionnaigh is marchaigh ina dhiaidh
Bíonn adharca a séideadh is na céadta 'Huzza!'
Ar chnocáinín aerach Cill Mhuire
(CURFA)
3. __________________? go súgach ag dáimh
Mar a léitear na húdair is cliste
? agus aoibhneas rince agus rás
Agus ceolta go binn an dá seinm
Ag gasra groífhear ar gníomh iad le rá
Ar mhachaire an choimheascair nár stríoc riamh dá namhaid
Sin deireadh lem' ghníomhartha ach líontar suas cárt
Go n-ólfaimid sláinte Cill Mhuire
Verses 1 and 2 are on pp. 38 - 39,
Ceolta Gael 2, Mánus Ó Baoill
Dublin: Cló Mercier, 1986
© Réamhrá, tiomsú agus cóiriú Mánus Ó Baoill 1986