The Mudcat Café TM
Thread #160353   Message #3803394
Posted By: Felipa
03-Aug-16 - 02:16 PM
Thread Name: Lyr Add: Is buachaillín deas mise
Subject: Lyr Add: Is buachaillín deas mise
https://www.youtube.com/watch?v=fclGRExcjQQ, singer Tim Dennehy

"There is no shortage of songs about rakish young men who drink, sport and play and live life to the full. This version seems to be peculiar to the Iveragh Peninsula in South Kerry and it is the first song my mother and I sang together. She had learnt it from her father Pádraig Ó Ceallaigh from Cill Rialaig. My thanks to Máire Nic An Rí, Waterville."

IS BUACHAILLÍN MISE

Is buachaillín mise bhíodh ag imeacht go hóg le fraoigh.
Ag mealladh mná deasa do chaitheas i dtús mo shaoil.
Gan eagla roimh sagart, Easpag ná an Pápa séimh
Ach ag ól is ag imirt is ag clismirt le Báb na gCraobh.

Nuair a d'éiríos i bpearsain do cheapas go rabhas san aos.
Mo chúl do bhí priocaithe, triopallach, cíortha réidh.
Mo charbhat dearg is mo hata mar dhíon ón mbraon,
Mo bhuaitísi leathair do scaipfeadh an drúcht den bhféar.

Is mó cailín deas a thug taitneamh is grá dom fhéin
Is gur mhinic mé i dtabhairne ag cnagadh is ag díol go daor.
Gur imigh an lasair bhí im' leacain mar scáil na ngcaor,
Mo ghruaigh ag glasadh mar threascarainn barr an fhéir.

Ó do bhíosa féin tamall is ba thapaidh do thabharfainn léim
Agus urchar maith ceaiste do chaithinn le lúth mo ghéag.
Is i bpáirc na speile ba chneasta mar ghearainn féar
Agus treabhadh le capaill nach greanta mar thógainn téip.

Cén mhaitheas sin domhsa mo ghaisce is mo lúth go léir.
Bhínn ag ól is ag caitheamh gur chaitheas mo stór go léir.
Agus dfhág sé sin mise go hainnis gan bhean gan spré.
B'é an chúis fé ndear' é bhí an iomad im' chroí den game.

Nuair a théinnse sa chathair ar maidin le fáinne an lae,
Nuair a fhaighinn a bhlaiseadh ní cheapainn go mbíodh sé daor.
Nuair a théinn chun suite ní stadainn ach ag díol is ag glaoch
Is fad a sheasadh an chuigeann ina haice sea d'fhaightí mé.

Ó ciach uirthi mar chuigeann sí a loisc is do scól mo chroí
Agus dfhág sí mise gan tapa, gan bheocht, gan bhrí.
Is anois ó táim caite is gan airgead im' phócaí puinn,
Ó Dia mór lem' anam nach ainnis gan stór mo shlí.

Is anois atáim caite is mé im' sheanduine críonna liath.
Is le dhá mhaide croise bím ag tarrach mo chnámha im' dhiaidh.
Dá bhfaighinn cúpla gloine mar bhí taithí agam fhéin d'fháil riamh
Go deimhin t'réis a gcaite go dtabharfainnse cúrsa fiaidh.

Abair Amhrán - 02-12-2008

------
similar song, this time set in Conamara: different air, as sung by Máire Bríd Uí Niadh (tune similar to Valley of Knockanure, I think)

IS BUACHAILLÍN DEAS ÓG MÉ -

'Gus buachaillín deas óg mé a thug mór ghean do mhnaoi,
Is néal ní chodlaím suaimhneach le mór chaith ina diaidh
Istigh ar thóin an phríosúin faoi bholtaí ag Seán Buí.
Ach a stór mura dtéigh tú abhaile liom ní mhairfidh mé beo mí.

Is tá féar fada is fásach san áit a mbíonn mo mhian
Tá ullaí blasta ag fás ann, plúr is an chruithneacht bhuí,
Tá mil na mbeach faoi Cháisc ann, is amach go féile Mhichil,
Is ceiliúr éan roimh éirí an lae na coiligh 'gus cearca fraoigh

Sé an trua gan mé i mo chónaí ins an áit a mbíonn mo mhian
Is bheinn ag ceann an bhóithrín a déanamh eolas cá mbeadh sí
Tá píosa fada romhamsa goil idir mé agus stór mo chroí
'S tá súil le Rí na Glórach agam nach bhfaighidh aon fhear uaim í.

Is chaith mise an bhliain anuraidh faoi bhrón is briseadh croí
Istigh sna póirsí dorcha, spíonadh ócam ag Seán Buí
Ach anois tá cead mo chois agam céad moladh glóir do Chríost
Is tá súil ag rí na ngrásta agam go rachaidh muid chun cinn.

Is tá daoine ag comhrá liomsa is ag dul idir mé agus stór mo chroí
Is iad a rá liom go mbeidh sí pósta le fear óg as Inis Oírr
Ní chreidfidh mé go brách iad thar mo stóirín is beag an baol
'Gus pósfaidh mé le fonn í grá agus searc mo chléibh.

Is tá mise ar ais sa mbaile aríst is socróidh mé fhéin síos
'S rachaidh mé go na hAille soir nó go bhfeicfidh mé mo mhian
Tá fiacha i dteach an ósta orm agus dheamhain feoirling'am len íoc
Ó nach dána an fear le pósadh mé níl bó agam ná laoi.

'Gus dúirt mo dheaide liomsa a ghoil ar thóraíocht mnaoi,
Bean is cúpla bó a fháil agus mórán den ór buí,
Ach b'fhearr liomsa í go mór mór macánta céillí,
Ná cailín gan aon eolas bhíonn ag ceol is ag goil fhoinn.

Is nach iomaí cailín álainn ó Ghaillimh go Ros a'Mhíl
A bhfuil racaí ina gceann acu 'gus lásaí geal leo síos,
Ach síleann siad gur breáiche iad ná an ghealach sa meán oíche,
Ach ní thiúrfainnse mo stóirín ar mhór chuid cailíní.

Ó ní thiúrfainnse mo stóirín, ar mhór chuid cailíní,
Ní thiúrfainnse mo stóirín go deo deo thar aon traoi
Ní thiúrfainnse mo stóirín, ar mhór chuid den ór buí
'Gus pósfaidh mé le cúnamh Dé is go deo deo nár chaillfead í.