The Mudcat Café TM
Thread #32226   Message #3816273
Posted By: Felipa
24-Oct-16 - 01:54 PM
Thread Name: Lyr Req: Raithineach a Bhean Bheag
Subject: RE: Lyr Req: Raithineach a Bhean Bheag
yes, it makes sense in the context of the lines that the singer is calling for the "little woman" to gather foliage to assist with making the potato bread (steampaí or the sweet cake (caca milis)

I've read that the song can have sexual inuendo. (but just about everything can if your mind is that way inclined at the time!)

here is another transcription

https://muscrai.wordpress.com/2016/03/26/amhran-an-steampai/

"Béile isea an Steampaí a deintear as siúcra agus prátaí sceite; 'Boxty' mar a deirtear sa Bhéarla. Chanadh Seán Ó Liatháin agus Diarmuidín Maidhcí an t-amhrán so le Ceoltóirí Laighean."
(steampaí or boxty is a dish made with sugar and potatoes. Seán Ó Liatháin and Diramuidín Maidhcí sing this song with Ceoltóirí Laighean [group associated with Seán O Riada])

Amhrán an Steampaí

Is anall o Shasana a tháinig an steampaí
Is thíos i gCorcaigh a cuireadh an slacht air
Do bhí siúcire a dhothain ann is bolmacaí brandaí
'S an té a bheadh á ithe sin, ba mhire ná an stail é

Cúrfá
Is raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach, a bhean bheag, is deinimís an chíste
Raithineach, a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach, a bhean bheag is deinimis arís é

Ar mo ghabháil ó thuaidh dom tri Bharra na h-Ínse
Cé 'chasfaí orm ach an triúr bhan chríonna
Bhi duine acu dá fhuineadh, agus duine acu dá scríoba
Agus duine acu dá scagadh trí thóin an t-seana bhríste

Is raithineach a bhean bheag…

Scilling so ló bhí do chócaire an steampaí
Do bheadh agus coróin, dá ndeinidís i gceart é
Ach do dheinidís a múin air, 's do chimilidís a más dó
'S ina thaobh an slí 'na dheintí é, do bhris sé amach ionam

Is raithineach a bhean bheag…

'Sé an t-athair Donnacadh an dochtúr díochta
An sagart is fearr a tháinig sa tír seo
Do chuirfeadh sé a mhallacht ar lucht steampaí scríobadh
Le h-eagla fiacla na seana bhan chríona

Is raithineach a bhean bheag…

Do chuireas-sa mo chailín-se isteach so shteamer
Ag lorg graiteara chun an steampaí a scríobadh
Ach bhí an nglas ar an ndoras is an eochair age Síle
Seachanaigh an steampaí le heagla na síoltha

Is raithineach a bhean bheag….