The Mudcat Café TM
Thread #161071   Message #3825213
Posted By: Thompson
08-Dec-16 - 06:54 AM
Thread Name: Lyr Req: Deandraimin Dilis original version
Subject: RE: Lyr Req: Deandraimin Dilis original version
Is it this song, A Dhroimeann Donn Dílis?

A dhroimeann donn dílis, a shíoda na mbó,
cá ngabhann tú san oíche is cá mbíonn tú sa ló?
Bíonn mise ar na coillte is mo bhuachaill i m' chomhair
agus d'fhág sé siúd mise ag sileadh na ndeor.

Níl fearann, níl tíos agam, níl fíonta ná ceol,
níl flatha i m' choimhdeacht, níl saoithe ná sló
ach ag síoról an uisce go minic sa ló
agus beathuisce agus fíon ag mo naimhde ar bord.

Dá bhfaighinnse cead aighnis, nó radharc ar an gcoróin
Sasanaigh a leidhbfinn mar a leidhbfinn seanabhróg
tré chnocaibh is tré ailtibh, is tré ghleanta dubha ceo
agus siú mar a shaorfainn mo dhroimeann donn óg.