The Mudcat Café TM
Thread #160351   Message #3837733
Posted By: GUEST,Liam - Tiobraid Árann
09-Feb-17 - 05:59 AM
Thread Name: Lyr Add: Cnocainin Aerach Cill Mhuire (Kilmurry)
Subject: RE: Lyr Add: Cnocainin Aerach Cill Mhuire
CHNOCÁINÍN AERACH CILL MHUIRE
1. Is buachaillín mise do shiúlaigh a lán
    Ag cur tuairisc na háite is b'fhearr ionad
    I múineadh in iompar i gclú cheart 's i gcáil
    I mbéasa i dtréithe is i dtuiscint

    Ní heol dom aon chúige nó dúnbhaile breá
    Dá bhfaca im' shiúlta ba shúgaí le rá
    Níor luigh ariamh mo shúil ar aon dúiche chomh breá
    Leis an áit úd a nglaotar Cill Mhuire air
(Curfá)
Is Hóró é, Hóró é a bhuachaillín bhreá
Hóró é, Hóró é, sín chugham do láimh.
Tá jug ar an mbord is ba chóir é bheith lán
Go nólfaimis sláinte Chill Mhuire.
2. Ansiúd a bhíonn tionnlach mion cholúr is faoileán
    An chéirseach fraoigh chearca is druide
    Ar ghéagaibh ina slaodaibh ag géilleadh faoi bhláth
    Is gur mhéin liom le háireamh a bhfoireann
    Bíonn fuaim ag an gconairt á leagaint chun fiaigh
    Ag traochadh an tsionnaigh is marchaigh ina dhiaidh
    Bíonn adharca a séideadh is na céadta 'Huzza!'
    Ar chnocáinín aerach Cill Mhuire

3. Ansiúd a bhíonn cúinse go súgach ag dáimh
    Mar a léitear na húdair is cliste
    Bíonn ól agus aoibhneas rince agus rás
    Agus ceolta go binn an dá seinm
   Bíonn gasra groífhear gur gníomh iad le rá
    Ar mhachaire an choimheascair nár stríoc riamh dá namhaid
    Sin deireadh lem' ghníomhartha ach líontar suas cárt
    Go n-ólfaimid sláinte Cill Mhuire