The Mudcat Café TM
Thread #37813 Message #3856316
Posted By: GUEST,Philippa
21-May-17 - 10:23 AM
Thread Name: Ban Chnoic Eireann O = ?
Subject: RE: Ban Chnoic Eireann O
Beir beannacht óm chroí go tír na hEireann, bán chnoic Éireann Ó; chun a maireann do shíolradh Ír is Éibhir ar bhán chnoic Éireann Ó; an áit úd 'narbh aoibhinn binn-ghuth éan mar shámhchruit chaoin ag caoineadh Gael- 'se mo chás a bheith míle míle i gcéin ó bhán chnoic Éireann Ó.
Bíonn barra bog slím ar chaoin-chnoic Éireann- bán chnoic Éireann Ó; 's is fearra ná 'n tír seo díth gach sléibhe ann, bán chnoic Éireann Ó; dob árd a coillte 's ba dhíreach réidh, 's a mbláth mar aol ar mhaoilinn géag - tá grá agem chroí im intinn féin do bhán chnoic Éireann Ó.
Tá gasra líonmhar i dtír na hÉireann, bán chnoic Éireann Ó; is fearachoin ghroí na cloífeadh céadta ar bhán chnoic Éireann Ó; m'atuirse croí is mo cuimhne scéal, iad a Galla-phoic síos fá ghreim, mo léan! 's a mbailte dá roinn fá chíos go daor, ar bhán chnoic Éireann Ó.
Is fairsing 's is mór iad cruacha na hÉireann, bán chnoic Éireann Ó; a cuid meala 'gus uachtair ag gluaiseacht 'na slaoda ar bhán chnoic Éireann Ó; rachaidh mé ar cuairt nó is luath mo shaol don talamh bheag shuairc sin is dual do Ghaeil 's go mb'fhearra liom ná duais dá uaisleacht é bheith ar bhán chnoic Éireann Ó.
Scaipeann an drúcht ar gheamhar agus féar ann, ar bhán chnoic Éireann Ó; is tagaid sin úlla cumhra ar ghéag' ann, ar bhán chnoic Éireann Ó; biolar agus samhadh i ngleanntaibh ceo 's na srotha sa tSamhradh ag labhairt ar neoin is uisce na Siúire ag brúcht 'na shló ar bhán chnoic Éireann Ó
Is oscailte fáilteach an áit sin Éire, bán chnoic Éireann Ó; agus toradh na sláinte i mbarr na Déise i mbán chnoic Éireann Ó ba bhinne na méara ar théadaibh ceoil seinnim agus géimneach a laogh 's a mbó, agus taithneamh na gréine orthu, aosta 's óg, ar bhán chnoic Éireann Ó.