The Mudcat Café TM
Thread #5500   Message #39054
Posted By: Maelgwyn
23-Sep-98 - 12:32 AM
Thread Name: Lyr Req: Cailin na Gruaige Baine / ...Doinne
Subject: Lyr Add: CAILÍN NA GRUAIGE DOINNE
Ar bhanta an tSroil 'sea d'fhagas mo stor
Is a maithrin ag gleo gan dabht lei
'Dtaobh gra a thabhairt do m' shortsa d'fhanai gan treo
Gan cairne bui oir i gcabhair dom
Is i an bhab mhiochair bheoil a chuir blath ar mo sceol
Is is paiste bhi og gan dabht i
Is nach brea deas mo short ag geatsail ar bord
Le cailin na gruaige doinne

Is neosfad mo stair do m' mhuintir ar fad
Ce cloite, go lag gan mheabhair me
Ag smaoineamh is ag braith is ag tnuth le hi 'theacht
Gach oiche is maidin Domhnaigh
Rince go pras, aoibhneas no cleas
Ni smaoinim le heaspa mheabhrach
Ach mo chroi istigh a shlad le diandiograis searc
Do chailin na gruaige doinne

Is treithlag a bhim gan aoinne do m' bhuion
Ag deanamh aon tsuim sa domhan diom
Is is baolach do dhroim go n-eagfad gan mhoill
I m' eigin ar dith mo mheabhrach
Le saorghuth a cinn go leimid anios
Na heisc as an linn ag leabhaireacht
Is da breacht mar ni, ni shasodh mo chroi
Gan chailin na gruaige doinne